Mo Scéal

Cácaí Aoibhín

Mo Scéal

Is rud sólásach é traidisiún na bácála. Tugtar na hoidis ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Mar Éireannaigh, foghlaimítear ceird na bácála dúinn ó aois an-óg – cé acu ag briseadh uibhe isteach i mbabhla, nó plúr a chriathrú isteach i mbabhla.

Is minic a chuimhním ar an am aoibhinn sin as ar eascair mo phaisean don bhácáil a fuair mé ó mo theaghlach, ach go háirithe ó mo mháthair mhór ‘Granny Rose’. Tá go leor cuimhní cinn galánta agam ó bhí mé i mo ghirseach óg ag suí ar chathaoir ard ag ‘cuidiú’ léi agus í ag bácáil. Bhíodh cead agam an spúnóg boird a úsáid agus ansin bhíodh an argóint idir mé féin agus mo thriúr deartháireacha faoi cé againn a bhíodh ag dul a bhlaiseadh an meascán. Tháinig cuid de na hoidis a bhím ag úsáid faoi láthair ó mo mháthair mhór agus tháinig na hoidis sin anuas ó ghlúnta eile sa chlann

Tosaíonn scéal Cácaí Aoibhín nuair a bhí mé trí bliana déag d’aois agus mé ag iarraidh mo chuid airgid féin a shaothrú. I ndiaidh dom an smaoineamh seo a roinnt le mo thuismitheoirí, spreag mo Dhaid mé le gnó bácála baile a thoiseacht. (Ba dhóbair gur thit mo Mham ina seasamh ar an urlár!). Ag an am seo bhí mé ag déanamh na gcácaí dar n-ócáidí speisialta teaghlaigh, agus bhí mé ag iarraidh an deis seo a thapú le mo chumas bácála a mheas. Sin mar a cuireadh tús le gnó Cácaí Aoibhín.

Bhain mé triail as mo ghnó ag cúpla aonach ceardaíochta Nollag agus ansin thosaigh mé le cúpla ordú do chácaí lá breithe. Ó sin i leith d’fhás an gnó agus thosaigh mé ag soláthar mo chuid táirgí bácála go dtí caiféanna áitiúla. De réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar mo ghnó. Le cúpla bliain anuas, tá fás as cuimse tagtha ar mo ghnó agus dá bharr móiminteam iontach bainte amach aici. Faoi láthair tá deiseanna úra gnó ag teacht i mo bhealach, tráth a bhfuil meantóirí tacúla ar fáil dom. Tugann Cácaí Aoibhín ábhar inspioráide dom le go mbeidh mo ghnó níos inmharthana agus í ag dul ó neart go neart.

-Aoibhín

Gaeilge